Top Level Content Navigation:
Cuireann Aerfort Bhaile Átha Cliath Soiléiriú ar Eolas
Breise faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall. Chuir Údarás Aerfort
Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) soiléiriú ar an eolas breise a theastaigh ó Rannóg
Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall faoina bráid maidir leis an iarratas
pleanála i gcomhair tógáil rúidbhealaigh nua soir-siar, Rúidbhealach 10L/28R, ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá soiléiriú ar an eolas breise arna lorg ag
Comhairle Contae Fhine Gall bunaithe ar na nithe seo a leanas:
Staidéar Réamhaisnéise Foirmiúil i leith trácht paisinéirí ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Conas mar atá sé i gceist rochtain a fháil
ar Aerfort Bhaile Átha Cliath ón Iarthar.
Measúnú ar rochtain
malartach ar Aerfort Bhaile Átha Cliath i gcás éigeandála ar an M1 nó
M50.
Tá súil le cinneadh ó Chomhairle Contae Fhine
Gall taobh istigh d'ocht seachtaine. Is cuid riachtanach tógáil an rúidbhealaigh
nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath de phleananna foriomlána forbartha amach anseo
chun a chur ar chumas an Aerfoirt os cionn 30 milliún paisinéir in aghaidh na
bliana a láimhseáil.
Tá ÚABÁC ag obair faoi láthair le hÚdarás
Eitlíochta na hÉireann agus leis na haerlínte atá ag feidhmiú ag Aerfort Bhaile
Átha Cliath ionas nach mbeidh an rúidbhealach nua i bhfeidhm go dtí go mbeidh an
úsáid is mó agus is féidir á baint as an gcóras rúidbhealaigh atá ann faoi
láthair.
Tá cóipeanna den soiléiriú ar eolas breise an
ÚABÁC ar fáil ó Chomhairle Contae Fhine Gall.
Stair an iarratais
phleanála:
10ú Nollaig, 2004 - Cuireann Aerfort Bhaile Átha
Cliath iarratas pleanála isteach don rúidbhealach soir/siar nua.
10ú Feabhra, 2005 - Faigheann Aerfort Bhaile Átha Cliath iarratas ar
Bhreis Eolais ó Chomhairle Contae Fhine Gall.
5 Lúnasa, 2005 -
Cuireann Aerfort Bhaile Átha Cliath eolas breise faoi bhráid Chomhairle Contae
Fhine Gall.
30 Meán Fómhair, 2005 - Faigheann Aerfort
Bhaile Átha Cliath iarratas ó Chomhairle Contae Fhine Gall ar shoiléiriú ar an
eolas breise a cuireadh isteach ar an 5 Lúnasa.
3ú Márta,
2006 - Seolann Aerfort Bhaile Átha Cliath soiléiriú ar eolas breise a cuireadh
faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall.
Críoch
6
Márta, 2006
I gcomhair tuilleadh eolais téigh i
dteagmháil le: Siobhán Moore - 087.2710065
Secondary Content Navigation: